← Ní ligfeadh an bród di bheith ar a athrach de dhóigh, nó níor lú uirthi an diabhal ná a chairde a rá go raibh sé faoi chrann smola aici. 🔊✎
← Mar sin de, bhí a fhios ag Jimmy nár bheo dó a bheo dá dtigeadh sé na bhaile roimh an deich a chlog, nó dá ndéanfadh, bhéarfadh Sarah a sháith dó. 🔊✎
← Bhí a fhios aige go mbeadh Billy sa bheár go gcaithfí amach é nó bhí a bhean ar shiúl go Sasain a dh'amharc ar an ua da deireanaí dá gcuid. 🔊✎
← Ach ba é Sarah a rinne biale de, na cuirtíní a rinne sí as fuílleach éadaigh a cheannaigh sí ag aonach na hAoine, nó na cathaoireacha nach dtug sí ach deich bpunt orthu i ujumble agus ar chuir sí snas úr orthu. 🔊
← Bhí triúr nó ceathrar de dhéagóirí istigh roimhe agus iad ar meisce ar fíon úll. 🔊✎
← "Tá, nó ba mhaith liom gabháil na bhaile go bhfeice mé cad é mar atá na páistí." 🔊✎